Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Foghlaim chomhtháite ábhar agus teanga i gclár oideachais tosaigh do mhúinteoirí bunscoile

Ó Duibhir, Pádraig orcid logoORCID: 0000-0003-2316-027X (2016) Foghlaim chomhtháite ábhar agus teanga i gclár oideachais tosaigh do mhúinteoirí bunscoile. Teanga (24). pp. 1-14. ISSN 0332-205X

Abstract
Tá go leor scríofa agus ráite sna meáin le blianta beaga anuas faoi chaighdeán Gaeilge múinteoirí na tíre. Leag an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ag an am, Éamon Ó Cuív, an milleán ar na Coláistí Oideachais as an lagú tubaisteach seo ar chaighdeán Gaeilge na múinteoirí (Ní Chiaráin, 2007). Tá tacaíocht áirithe sa taighde do thuairim Uí Cuív faoi chaighdeán Gaeilge na múinteoirí cibé rud faoi áit a luíonn an locht. Léirigh dhá thuarascáil taighde go bhfuil thart ar an gceathrú chuid de mhúinteoirí bunscoile ann nach bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu leis an teanga a mhúineadh go héifeachtach (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2007; Harris, Forde, Archer, Nic Fhearaile, & O'Gorman, 2006). Bhí sé le rá ag príomhoidí Gaelscoile agus Gaeltachta freisin go raibh sé deacair orthu teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge sách maith le múineadh ina scoileanna gan trácht ar na sainscileanna a bheith acu a theastaíonn don teagasc trí Ghaeilge (Mac Donnacha, Ní Chualáin, Ní Shéaghdha, & Ní Mhainín, 2005; Máirtín, 2006; Ó Duibhir, 2006). Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo bheartaigh Coláiste Phádraig clár a dhearadh ina múinfí cuid de na hábhair churaclaim trí mheán na Gaeilge do ghrúpa mac léinn ar an gcúrsa Dioplóma Iarchéime san Oideachas (Bunscoile) (DI). Déantar cur síos san alt seo ar fheidhmiú an chúrsa sin agus ar mheastóireacht na mac léinn a ghlac páirt ann ar a éifeacht. Ar an gcéad dul síos déantar iniúchadh ar an gcur chuige a ghlacadh don chúrsa .i. foghlaim chomhtháite ábhar agus teanga (FCÁT). Ansin tugtar léargas ar an taighde idirnáisiúnta a bhaineann le FCÁT. Leantar ar aghaidh ansin le hiniúchadh ar an taithí le FCÁT in Éirinn agus scrúdaítear na moltaí is déanaí atá déanta ina thaobh. Ina dhiaidh sin déantar cur síos ar chur i bhfeidhm clár amháin FCÁT agus an mheastóireacht a rinne na mic léinn air. Ar deireadh déantar tátal ar na himpleachtaí atá ag an staidéar seo do chláir FCÁT in oideachas tosaigh múinteoirí sa todhchaí.
Metadata
Item Type:Article (Published)
Refereed:Yes
Uncontrolled Keywords:Content and language integrated learning; CLIL; second language
Subjects:Humanities > Irish language
Humanities > Language
Social Sciences > Education
Social Sciences > Teaching
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Institute of Education > School of Language, Literacy, & Early Childhood Education
Publisher:Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn. Irish Association of Applied Linguistics
Official URL:http://www.iraal.ie/uploads/1/3/5/8/13582401/teang...
Copyright Information:© 2016 CTFE/IRAAL
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License
ID Code:23133
Deposited On:05 Apr 2019 11:41 by Thomas Murtagh . Last Modified 02 Mar 2022 13:59
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Ó Duibhir, P 2017 Foghlaim chomhtháite ábhar agus teanga i gclár oideachais tosaigh do mhúinteoirí bunscoile Teanga 24.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
4MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record