Ní Chuaig, Neasa (2016) Iniúchadh ar chleachtais litearthachta i gcóras bunscolaíochta Chatagóir A na Gaeltachta: cur chuige praiticiúil d ’fhorbairt na scríbhneoireachta. PhD thesis, Dublin City University.
Abstract
Déantar cu síos sa tráchtas seo ar thaighde feidhmeach ar an litearthacht a cuireadh i gcrích i
mbunscoileanna Chatagóir A na Gaeltachta. Cuireadh agallaimh ar phríomhoidí i gceantair
Ghaeltachta Chatagóir A ar fud na tíre chun a dtuairimí maidir le caighdeán litearthachta na
ndaltaí a bhailiú. Rinneadh anailís ar 35 agallamh, áit ar thug na príomhoidí léargas ar chuid
de na dúshláin a bhain le cur chun cinn na litearthachta. Bíodh agus go raibh cainteoirí
dúchais Gaeilge (TI) ag freastal ar na scoileanna, dheimhnigh na hagallainih go raibh
dúshláin ag baint le scríbhneoireacht na Gaeilge sna scoileanna sin. Pléitear a raibh le rá ag na
príomhoidí sa tráchtas.
Bunaithe ar léargas na bpríomhoidí, beartaíodh togra a chur i bhfeidhm a thacódh le forbairt
na scríbhneoireachta i nGaeilge sa seomra ranga. Baineadh leas as braisleshampláil agus
scoileanna á roghnú don togra agus díríodh ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí i Rang a Dó agus i
Rang a Cúig sna scoileanna sin. Roghnaíodh cur chuige don scríbhneoireacht mar chuid den
togra agus cruthaíodh pobal cleachtais do mhúinteoirí chun tacaíocht a thabhairt dóibh agus
an cur chuige á chur i bhfeidhm. Tugtar léargas sa tráchtas ar bhunús teoiriciúil an chur
chuige a roghnaíodh agus déantar cur síos ar an gcaoi ar cuireadh an cur chuige i bhfeidhm i
gcomhthéacs na Gaeltachta. Ina theannta sin, mínítear struchtúr an phobail chleachtais a
bunaíodh agus pléitear an chaoi ar baineadh leas as mar áis tacaíochta don chur chuige nua.
Déantar scagadh ar an tionchar a bhí ag an togra ar rannpháirtithe an taighde. Pléitear tuairimí
na múinteoirí maidir le héifeacht an togra agus fíosraítear tionchar an togra ar fhorbairt
scríbhneoireachta na ndaltaí.
Metadata
Item Type: | Thesis (PhD) |
---|---|
Date of Award: | November 2016 |
Refereed: | No |
Supervisor(s): | Ó Duibhir, Pádraig and Kennedy, Eithne |
Uncontrolled Keywords: | Gaeltacht; litearthacht a chur chun cinn; Dúchasach na Gaeilge |
Subjects: | Humanities > Irish language Social Sciences > Education Social Sciences > Teaching |
DCU Faculties and Centres: | DCU Faculties and Schools > Institute of Education |
Use License: | This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License |
ID Code: | 22550 |
Deposited On: | 08 Aug 2018 14:47 by Thomas Murtagh . Last Modified 16 Feb 2022 16:10 |
Documents
Full text available as:
Preview |
PDF
- Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
15MB |
Downloads
Downloads
Downloads per month over past year
Archive Staff Only: edit this record