Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Léargas ar thaithi mhúinteoirí iar-bhunscoileanna na Gaeltachta: dúshláin ghairmiúla agus riachtanais oiliúna

Ní Thuairisg, Laoise (2014) Léargas ar thaithi mhúinteoirí iar-bhunscoileanna na Gaeltachta: dúshláin ghairmiúla agus riachtanais oiliúna. PhD thesis, Dublin City University.

Abstract
Cuireann an taighde seo roimhe iniúchadh a dhéanamh ar thaithí ghairmiúil mhúinteoirí iar-bhunscoileanna n Gaeltachta, lena n-áirítear na dúshláin atá le tabhairt acu agus an dearcadh atá acu ina leith. Tá sé mar aidhm ai ge freisin cíoradh a dhéanamh ar na cleachtais oiliúna a bhfuil na múinteoirí páirteach iontu agus ar oiriúnacht na gcleachtas sin dá riachtanais fhorbartha. Baintear leas as an bhfeiniméaneolaíocht chun na ceisteanna taighde agus nithe eile a eascraíonn astu a chíoradh. Is iomaí athrú atá tagtha ar ghairm na múinteoireachta le blianta beaga anuas. Tá tionchar suntasach ag na hathruithe seo ar na múinteoirí, go háirithe ar a bhféiniúlacht ghairmiúil. Is iomaí athrú atá tagtha freisin ar chomhthéacs oideachais na Gaeltachta a thugann dúshlán suntasach do rannpháirtithe an choráis sin. Áirítear i mease na ndúshlán sin: an t-aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla; áiseanna míoiriúnacha teagaisc agus foghlama; deacrachtaí timpeallacht lán-Ghaeilge na scoileanna a chinntiú agus a chothú; freastal éagothrom ar riachtanais oiliúna agus oideachais na rannpháirtithe. Bunaítear an tionscadal seo ar thaighde páirce feiniméaneolaíochta ina gcuimsítear agallaimh ina gcuireann múinteoirí iar-bhunscoileanna na Gaeltachta a dtaithí agus a ndearcadh i láthair, mar aon le taighde tánaisteach a chuimsíonn anailís ar litríocht ábhartha. Is beag taighde atá ar fáil i láthair na huaire ar thaithí ghairmiúil agus phearsanta mhúinteoirí iar-bhunscoile, go háirithe an taighde sin a chuireann guth na múinteoirí sin i lár an aonaigh. Tá an bheama seo le sonrú go láidir sa chomhthéacs oideachais Gaeltachta. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo, tri anailís litríochta agus taighde páirce, an bheama sa chorpas reatha taighde a líonadh agus léargas cruinn a thabhairt ar thaithí an mhúinteora iar-bhunscoile Ghaeltachta.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:November 2014
Refereed:No
Supervisor(s):Ó Duibhir, Pádraig and Mac Mathúna, Liam
Uncontrolled Keywords:Gaeilge; Post Primary; teagaisc agus foghlama;
Subjects:Humanities > Irish language
Humanities > Language
Social Sciences > Education
Social Sciences > Teaching
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Institute of Education
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License
ID Code:22545
Deposited On:07 Aug 2018 12:34 by Thomas Murtagh . Last Modified 06 May 2020 16:48
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Laoise Ni Thuairisg_f.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
12MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record