Ní Ghrianáin, Caitlín (2003) Forbairtí in imdhionbhraiteoirí leictriceimiceacha. PhD thesis, Dublin City University.
Abstract
Ba é cuspóir na hoibre seo, ná chun imdhíonbhraiteoir nua a fhorbairt chun anailís timpeallachta a dhéanamh ar an lotnaidicíd atraisín. Tugtar cur síos ar conas olltáirgeadh a dhéanamh ar bhraiteoir mar seo, cé gurbh é príomhchuspóir na hoibre seo ná chun baisceanna de leictreoidí shochaite a tháirgeadh. Chomh maith le sin, tríd an próiseas braiteora a shimpliú go bpróiseas braiteora aon-chéimeach, ni bheadh an méid sin cur isteach ag teastáil ón úsáideoir agus ni bheadh an méid nó an castachas chéanna, a bhain leis na céimeanna measúnachta, ag teastáil ach an oiread.
Dearcaíodh leictreoidí scáthlán-priontáilte agus forbraíodh próiséas cumadóireachta chun iad a tháirgeadh agus a hoptamú. Tri fiosruithe leictriceimiceacha, optúla agus miocrascópacha a dhéanamh ar raon de pharaiméadair éagsúla, ar nós slaodacht na ndúigh, teocht agus ama na saille, tigfear optamúchán a bhaint amach ar an bpróiséas cumadóireachta. Taispéanfar an tionchar a bhí ag céim réamh-chóireáile ar na hairí leictranailíseacha agus struchtúracha de na leictreoidí chomh maith. Faoi dheireadh, déanfar cur síos ar chomparáid a rinneadh idir oibriú na leictreoidí seo agus oibriú leictreoid charbóin ghloiní.
Rinneadh cur síos ar an optamú agus ar an gcarachtaracht a rinneadh ar scannáin polanailíne a dheascadh go leictriceimiceach agus go ceimiceach ar raon de dhromchlaí leictreoide éagsúla. Tá cur síos ar an tionchar a bhí ag tiús na scannáin, maidir le scannáin a ullmhaíodh go leictriceimiceach, curtha san áireamh san obair seo chomh maith. Deascadh scannáin polanailíne a ullmhaíodh go ceimceach ar raon de fhoshraitheanna agus taispeánadh go raibh siad oiriúnach don choras braiteora áirithe seo. Athraíodh roinnt paraiméadair den phróiséas deasctha chun iarracht a thabhairt ar smacht níos fearr a fháil ar thiús na scannáin a dheascadh go ceimiceach; roimhe seo, ba é seo an t-aon míbhuntáiste amháin a bhain le scannáin mar seo.
Tá cur síos déanta ar an gcarachtaracht a rinneadh ar scannáin bunaithe ar einsímí agus ar antashubstaintí a dheascadh ar leictreoidí clúdaithe le polanailín freisin. Forbraíodh braiteoirí bunaithe ar antashubstaintí chun anailís a dhéanamh leo ar bhitin agus ar atraisín le hantashubstaintí iomlán agus bloghanna athchuingreacha d’antashubstaintí. Tá cur síos déanta ar iarrachtaí a rinneadh chun an méid de chéimeanna measúnachta agus fadhbanna maidir le hinathraitheachtaí idir-leictreoide agus athghiniúint dhromchlach a shárú, tri theicníochtaí chalabraithe nua a dhéanamh.
Metadata
Item Type: | Thesis (PhD) |
---|---|
Date of Award: | 2003 |
Refereed: | No |
Supervisor(s): | Smyth, Malcolm R., Mac Gabhann, Maolcholm R., Ó Coilleárd, Antóin S. and Collard, Anthony |
Uncontrolled Keywords: | Sensors; Pesticide |
Subjects: | Physical Sciences > Chemistry |
DCU Faculties and Centres: | DCU Faculties and Schools > Faculty of Science and Health > School of Chemical Sciences |
Use License: | This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License |
ID Code: | 18109 |
Deposited On: | 09 May 2013 13:13 by Celine Campbell . Last Modified 04 Aug 2021 15:09 |
Documents
Full text available as:
Preview |
PDF
- Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
7MB |
Downloads
Downloads
Downloads per month over past year
Archive Staff Only: edit this record